Mise Rafturaí

Mise Rafturaí an file
Lán dúċais is gráḋ
Le súile gan solas
Le ciúnas gan crá

Ag dul síar ar m'aistear
Le solas mo ċroí
Fann agus tuirseaċ
Go deireaḋ mo ṡlí

Féaċ anois mé
Is mo ċúl le ḃfalla
Ag seinm ceoil
Do ṗócaí folaṁ